About the project

The European Citizens’ Consultations 2009 (ECC 2009) bring together citizens from all 27 EU Member States to discuss - with each other and then with policy-makers - key challenges facing the EU. ECC 2009 focuses on the issues currently of greatest concern to EU citizens in the run-up to the 2009 European elections, seeking to answer the question:


“What can the EU do to shape our economic and social future in a globalised world?”


An online debate
Between 3 December 2008 and March 2009, everyone is invited to take part in an online debate and make proposals for our economic and social future. These proposals will then feed directly into the European Citizens’ Consultation in that your country as material for discussion.

27 identical conferences
The 27 European Citizens’ Consultations will be attended by a total of 1,500 randomly selected citizens reflecting their country’s demographic composition. These identical conferences, held simultaneously in nine countries at a time over three weekends in March 2009, are the heart of the ECC process. They enable citizens to discuss issues of common concern with each other, to develop recommendations, and to discuss these with key national and European policy-makers.

Between April and May 2009, the recommendations drawn up at the 27 national events will be voted on by all 1,500 participants. Members of the public will again be invited to debate the finalised list of recommendations online.

A European Citizens’ Summit
A European Citizens’ Summit, attended by 150 participants from the 27 Consultations, will be held in Brussels on 10 - 11 May 2009. Here, citizens will finalise a set of European recommendations and debate these with European policy-makers.

Follow-up debates
The citizens’ recommendations will be discussed with newly elected Members of the European Parliament and more opinion-leaders at regional conferences in autumn 2009.

Funding
ECC 2009 is co-funded by the European Commission’s “Debate Europe” programme and is part of an ongoing process to further develop citizen participation and consultation mechanisms. It builds on the success of ECC 2007, which established a new model for citizen participation. Read more about ECC 2007 in the archive section of the site.

Here you can see what others say about the project!
 


Faisnéis faoin Tionscadal

Tugann Comhairliúcháin na Saoránach Eorpach 2009 (CSE 2009) le chéile saoránaigh ó gach ceann de 27 mBallstát an AE le plé a dhéanamh – lena chéile agus ansin le lucht déanta beartas – i dtaca leis na príomhdhúshláin a bhfuil ar an AE aghaidh a thabhairt orthu.  Díríonn CSE 2009 ar na ceisteanna is mó a bhfuil saoránaigh an AE buartha fúthu sa tréimhse roimh thoghcháin Eorpacha 2009, agus iarracht á déanamh acu freagra a thabhairt ar an gceist seo a leanas:

“Cad is féidir leis an AE a dhéanamh lenár dtodhchaí eacnamaíoch agus shóisialta a mhúnlú i ndomhan domhandaithe?”


Díospóireacht ar líne
Idir 3 Nollaig 2008 agus Márta 2009, tugtar cuireadh do gach duine bheith rannpháirteach i ndíospóireacht ar líne agus tograí a chur isteach mar gheall ar ár dtodhchaí, idir eacnamaíoch agus sóisialta.  Ansin cuirfear na tograí seo go díreach faoi bhráid Chomhairliúcháin na Saoránach Eorpach i do thírse mar ábhar pléite.

27 chomhdháil chomhionanna
San iomlán, déanfaidh 1,500 saoránach a roghnaíodh go fánach freastal ar 27 gComhairliúchán na Saoránach Eorpach, agus léireofar stádas déimeagrafach a dtíre sa ghrúpa.  Tá na comhdhálacha comhionanna seo, a dhéanfar a thionól go comhuaineach i naoi dtír in aghaidh an bhabhta thar thrí dheireadh seachtaine i Mí Mhárta, 2009, i gcroílár an phróisis CSE.  Cuireann siad ar chumas na saoránach ceisteanna a phlé a bhfuil spéis acu ar fad iontu, agus na ceisteanna seo a phlé le príomhlucht déanta beartas ag an leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal an AE.

Idir Aibreán agus Bealtaine 2009, caithfear vóta faoi na moltaí a dhréachtófar ag na 27 n-imeacht náisiúnta ag na 1,500 rannpháirteach ar fad.   Tabharfar cuireadh arís do bhaill an phobal plé a dhéanamh faoin liosta moltaí ar líne a thabharfar chun críche.

Cruinniú Mullaigh na Saoránach Eorpach
Déanfar Cruinniú Mullaigh na Saoránach Eorpach a thionól sa Bhruiséil ar 10-11 Bealtaine, 2009, agus déanfaidh 150 rannpháirteach ó na 27 gComhairliúchán freastal air.  Ag an imeacht sin tabharfaidh saoránaigh chun críche tacar de mholtaí Eorpacha agus pléifidh siad iad le lucht déanta beartas na hEorpa.

Díospóireachtaí leantacha
Pléifear moltaí na saoránach le baill nuathofa na Parlaiminte Eorpaí agus le treoraithe tuairimí eile ag comhdhálacha réigiúnacha i bhfómhar na bliana 2009.

Maoiniú
Déantar CSE 2009 a chómhaoiniú ag clár “Debate Europe” an Choimisiúin Eorpaigh agus cuid de phróiseas leanúnach atá ann le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar rannpháirtíocht na saoránach agus ar mheicníochtaí comhairliúcháin.  Táthar ag tógáil ar rath CSE 2007, a bhunaigh múnla nua do rannpháirtíocht na saoránach.  Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi CSE 2007 i gcartlanna an tsuímh.

Is féidir leat an méid atá á rá ag daoine eile faoin tionscadal a fheiceáil anseo!